Agallamh le Sinéad Cahill, agus Cló Ceardlann na gCnoc

Achan uair a chastar duine as tír eile orm a bhfuil Gaeilge acu cuireann sé lúchair is ionadh orm, agus is amhlaidh a bhí anuraidh núair a chuir mé aithne ar Shinéad Cahill, as Philadelphia in Pennsylvania. Cainteoir breá Gaeilge agus ealaíontóir cumasach atá inti, agus bhuail muid le chéile den chéad uair in Oideas Gael, i nGleann Cholm Cille, áit a raibh sí féin ag cur snas ar a cuid Gaeilge ag an am.

I láthair na huaire tá Sinéad ag obair léi i gCló Ceardlann na gCnoc, áit a dtig ealaíontóirí le chéile (a bhfuil Gaeilge acu, cuid mhaith den am), go díreach taobh amuigh de Ghort a’ Choirce, in áit darb ainm Mín an Leá.

A Shinéad, abair liom rud beag fá dtaobh duit féin. Cá has tú, agus cá háit a bhfuair tú do chuid Gaeilge?
Bhuel, rugadh agus tógadh mé sa Gheansaí Nua (nó New Jersey) agus chaith mé seacht mbliana in Philadelphia, ach tá sé níos cool rá go bhfuil mé as Philadelphia. Nuair a bhí mé ag fás aníos bhí m’áthair i gcónaí ag labhairt Gaeilge liom, ní bhíonn sé ag caint Béarla liom ach corruair. Thart fá trí bliana ó shin chuir mé spéis sa Ghaeilge; bhí mé ag iarraidh bheith abálta caint as Gaeilge le mo dhadaí.

Bhuail mise leat an samhradh seo chuaigh thart dar ndóigh, agus bhí do chuid Gaeilge iontach maith, ach cá huair a thosaigh tú ag foghlaim Gaeilge mar is ceart? Ar shíl tú go raibh sé deacair?
Thosaigh mé ag foghlaim bliain ó shin. Ach bhí mé i gcónaí ag éisteacht le cuid mhór Gaeilge. An chéad seachtain a bhí mé in Oideas Gael, is cuimhin liom bheith i mo shuí sa rang agus bhí achan rud ag teacht ar ais chugaim, random focla. Mar a dúirt mé, Gaeilge amháin a labhrann m’athair sa teach ach níor labhair mise Gaeilge leis.

Cén nasc atá ag d’athair leis an Ghaeilge mar sin? An as Éirinn dó féin?
Ní hea, rugadh i Philadelphia é, ach chaith sé tamall i Rann na Feirste, ag caint leis na seandaoine, ag dul thart ag cleachtadh a chuid Gaeilge agus ag foghlaim rudaí fá Thír Chonaill. Is as Sligeach agus Maigh Eo do mo mháthair mhór agus m’athair mór, mar sin bhí caint ar Éirinn sa teach i gcónaí.

Cén sort ealaíne a dhéanann tú?
Bím ag déanamh liteagrafaíochta, agus priontáil ar fhabraic, agus ansin ag déanamh cuilteanna nó suathainteas nó piliúr.

Agus cén áit a bhfaigheann tú do chuid insporáide dó sin uilig?
Ag caint agus ag comhrá le daoine eile, rudaí a fhoghlaimíonn mé ó bheith ag caint le daoine. Is maith liom ionsporáid a tharraing ó mheonta dhaoine eile. Seo scéal fá rud amháin a thug ionsporáid domh, inseochaidh mé i mBéarla duit é. I was washing a dish once in somebody’s house in Iceland. I was scraping it down, and then I’d use a little bit of water, and keep scraping it down. They came over and just turned up the faucet, and they were like “Where we live, we are surrounded by water. We have so much water here. I know that water probably costs money where you’re from, but you can use as much  water as you want here!” We were in the “land of ice” after all, and yes we were surrounded by water, but at the same time there is very much a mindset tied into that, about the pride that people felt about the place they’re from. I was able to draw from that mindset to create a quilt design, but it wasn’t about the water.

Inis domh rud beag fá’n áit a bhfuil tú anseo, Cló Ceardlann na gCnoc.
Tá ceardlann clódóireachta anseo, agus bíonn daoine ag teacht agus ag déanamh ealaíne anseo. Thosaigh Ian Joyce, Corcaíoch ó dhúchas, an cheardlann thart fá 10 mbliana ó shin. Tá sé i mbun restructuring a dhéanamh uirthi faoi láthair. Tá spásanna móra le treallamh don phróiseas priontála, agus ba mhaith le hIan níos mó daoine le Gaeilge a fheicéail agus daoine ón chomarsanacht a theacht isteach.

 

img_20170125_120601
An phríomhcheardlann priontála

 

Agus an maith leat an ceantar seo? Cad chuige gur maith leat Tír Chonaill?
Tá mise cuathaileach, ní maith liom bheith ag barr an tseomra ná ag screadaíl amach agus sílim go bhfuil daoine eile cosúil le sin anseo. Tá cuid mhór daoine as tíortha eile ina gcónaí anseo i dTír Chonaill, ealaíontóirí nó daoine le suim san ealaín. Scaifte saoithiúil atá ina chónaí anseo! An dóigh a mbíonn daoine, agus an caint is an comhrá a bhíonn ag daoine amuigh anseo, tá sé speisialta. Sa bhaile i Meiriceá bíonn daoine ag iarraidh fáil amach cén chéim atá agat, nó cen post atá agat, ach ní mar sin atá sé anseo. Mothaím go bhfuil níos mó meas ag daoine anseo ar na healaíona, is cuma cén sort ealaíne atá i gceist.

img_20170125_120616
Ceann de na seanphreasanna sa cheardlann. Tá an ceann seo millteanach mór agus iontach trom tá mé ag déanamh!

Má tá dúil agat sa chineál ealaíne seo, gabh i dteagmháil le Ian ag cloceardlann@eircom.net, nó buail isteach má bhíonn tú sa cheantar sin. Tá saothar Shinéad le fáil ar shuíomh idirlíne s’aici ar sinead-cahill.com.

1 thought on “Agallamh le Sinéad Cahill, agus Cló Ceardlann na gCnoc”

Leave a comment