Ceamaraí and I: caidreamh casta

Thuas seal, thíos seal, mar a théann rotha. Sin an bealach is fearr le cur síos ar an dóigh a gcaithim le ceamaraí. Bíonn siad thuas ar an tseilf seal, agus thíos i measc mo chuid peann agus mo chuid leabharthaí seal. Bíonn siad crochta thart ar mo mhuinéal seal, agus caite, dearmadta, ag tóin mo mhála seal. Bíonn líon an chárta pictiúirí iontu seal, agus bíonn siad ina luí folamh seal.

Úsáidim seal iad, fágaim ar an leataobh seal iad. San am atá i láthair tá na ceamaraí ar obair, agus tá go maith! Bhí mé cúpla mí ar shiúl ón bhaile (abhus anseo in Nantes na Fraince) nuair a thosaigh mé a chróthnadh mo Canon breá a cheannaigh mé ar eBay tá traidhfil blianta ó shin. Mar sin, agus mé pillte ‘na bhaile le linn laetha saoire na Nollag, chuaigh mé sa tóir ar an charger, an cuibheoir plugála (is as na Stáit Aontaithe don cheamara áirithe seo), agus an cárta SD, chaith an t-iomlán isteach sa mhála, agus thug anall ‘na Fraince é.

Seo anois sampla beag den mhéid atá taifeadta agam air ó bhí tús na bliana seo ann.

 

Advertisements

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s