‘Cur peann le pár, is a’ cur… méar le clár?

Do na daoine a bhíos ag léamh an blag seo s’agamsa, atá ag fanacht le corradh is BLIAIN ar phostáil úr, bhuel is agaibh a bheidh an spórt idir seo agus deireadh an leathanaigh. Tá mé sásta a fhógairt go bhfuil mé á scríobh seo faoi láthair, agus is beag an baol go stopfaidh mé go mbeidh an deireadh ráite. Anois, níl aon rud faoi leith le ráit agam, i ndáiríre, ach ó tharla mé a bheith i gceannas ar an bhlag seo cuirfidh mé méar le méarchlár agus déarfaidh mé mo chuid.

Ó tháinig mé go Ceanada, tá bliain go leith ó shin, tá mé féin is mo mháthair mhór ag scríobh litreacha chuig a chéile. Níl cuimhne agam anois, cé acu an mise nó granny a chuir an chéad litir, ach choinnigh muid orainn agus maram go bhfuil seoladh litreacha ina chuid de mo bhranda anois. Ní fhéadfainn a rá gur seo an rud is ceannródaíche atá déanta ag granny; cuireann sí suas le neart amaidí, mar a déarfá… Ach ar scor ar bith, tá cártaí, litreacha fada, cinn ghairide scríofa faoi dhriopás, lus liath triomaithe, cuireadh bainise, nóta breactha ar leabhrán Post-It, agus rudaí nach iad, i ndiaidh theacht fríd mo bhosca litreacha le traidhfil míonna anuas. Bíonn siad romham sa bhocsa litreacha, brúite isteach agus leacaithe go maith nó is pasáiste cúng fada an bocsa litreacha atá agam anseo. Fuair mé ríomhphost ag tús na míosa ansin go raibh pacáiste ag fanacht liom ag an fháiltiú. Arsa mise liom féin, rahoo tá bronntanas mór galánta i ndiaidh teacht fá mo choinne, nach méanar domh. Seo mise ar bís ag fanacht le dhul síos agus an pacáiste seo a bhailiú ag a 5 a chlog (caithfidh tú fanacht go mbeidh sé an 5 le pacáiste a phiocadh suas, agus is geal le dole queue an scuaine daoine ag fanacht ag an fháiltiú ag 4.59 gach aon tráthnóna). Cad é a bhí ann ach cárta Nollag ó mo mháthair mhór, a raibh ribín deas drithleach ar a chlúdach, agus é róleathan le brú isteach sa bhocsa litreacha.

Fágfaidh mé seo anois nó tá freagra litreach le scríobh agam. Ar an cheann áirithe seo a tháinig chugam ag tús na seachtaine, bhí boladh éadrom ola eocalaipe le sonrú uaithi…

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s