Níor chaill fear an mhisnigh riamh é…

Is minic a bhím ag gabháil síos an bealach mór ar mo rothar agus leis an am a chur isteach smaointím ar caidé a déarfainn dá ndéarfadh duine inteacht rud gránna domh nó dá mbeinn ag argóint le duine. Mar a tharlaíonn do gach duine, chomh luath is a bhíonn argóint thart tiocann léar mór comebacks chun cuimhne ach dar ndóigh bíonn sé ró-mhall len iad a rá. So tá mé iontach maith ag argóint, i mo chloigeann, ach is fuath liom coimhlint le daoine agus cailleann mé mo mhisneach i gcónaí.

Ach d’fhoghlaim mé oíche dé Máirt, agus mé i lár an aonaigh ar ardán i seomra inteacht ar champas Choláiste na Tríonóide, an áit lán go doras le mic léinn, léachtóirí, Francaigh, agus cúpla cairde domh, go bhfuil áit súgartha ann do dhaoine cosúil liomsa; daoine atá iontach maith ag cumadh argóintí ach nach maith leofa fíor-argóintí. Is é sin ceird na díospóireachta.

Thart fá dhá mhí ó shin tháinig ríomhphost ó léachtóir Fraincise de mo chuid ag rá go raibh na Joutes oratoires universitaires ag teacht aníos. Mar a tharlaíonn sé, bean mhór díospóireachta atá i nduine de na girsigh sa rang Fraincise agus siocair go bhfuair sí ag am maith mé, dúirt mé go ndéanfainn foireann léi. Gabh ar aghaidh sé seachtainí agus tá mé féin agus Ciara cráite an oíche roimh an díospóireacht; ise ag iarraidh an leagan amach áirithe a bhí in úsáid don díospóireacht seo (British Parliamentary Style, mar eolas) a fhoghlaim domh, mise ag a taobh ag iarraidh bia a ordú isteach nó go raibh muid le bheith ann go maidin ag ullmhú. Gabh ar aghaidh aríst go dtí an lá thar na márach, tá muid i ndiaidh an lá uilig a chaitheamh ag scríobh óráidí galánta, ag déanamh taighde, ag cleachtadh ár gcuid cainte, agus tá mise in ainm is clár raidió a chur i láthair dhá uair a’ chloig roimh an comórtas. Dhia ár sábháil bhí na stress-levels ard an lá sin ach bhí an adrenalin ag gabháil go láidir fosta.

Faoi dheireadh, landáil muid ag an áit, bhí achan rud i bhfad níos réchúisí ná mar a bhí muid ag súil leis, agus bhí ceann de na foirne mall fiú amháin. Bhí muid inár suí cibé, agus thosaigh an chéad bhabhta leathcheannais. ‘Nois níl fhios agam an bhfuil tú cleachtaithe ar dhíospóireachtaí, ach níl mise fiú agus thuig mé nach raibh seo i gceart; bhí na cainteoirí uilig ag fáil fríd a gcuid óráidí agus cha dúradh FOCAL! Níor chuir duine ar bith isteach ar a chéile agus dúirt mé liom féin, “Dhia, b’fhéidir nach bhfuil cead againn cur isteach ar chainteoirí ag an díospóireacht seo?” agus mé breá réidh fá choinne argóint chorraithe. Níor chaith mise lá go leith ag ullmhú dó seo le dul suas ar an stáitse, óráid a léamh as píosa páipéir, agus dul ‘na bhaile aríst. Bhí mé ansin ar mhaithe le mo racht a ligint – blianta fada de choimhlintí seachanta, agus anois bhí deis agam troid bhréagach a dhéanamh le duine nach bhfaca mé riamh i mo shaol? Ní raibh mé ag dul a dhéanamh seo go lag.

Buíochas le Dia bhí ár gcuid céilí comhraic rud beag níos gríosaithe mar sin níor mhothaigh mé chomh holc nuair a tharraing mé amach mo chuid maslaí agus aisfhreagraí réamhullmhaithe. Bhí siad breá abálta domh, maith iad, agus bhain muid cúpla gáirí as na moltóirí. I gcás ar bith, fuair muid fríd ag an bhabhta ceannais, agus cé nach raibh ach ceathrú uaire againn an rún a ullmhú fuair muid ar aghaidh go maith (buíochas le saineolas Chiara ar an reachtaíocht agus mar sin is dóiche). Fógraíodh sa deireadh gur muidinne a bhain an comórtas (as 8 bhfoireann). Bhí an corn ag teacht ‘na bhaile chuig campas DCU i ndiaidh dó bheith ar shiúl le 16 bliain. Ar an ábhar sin, an duine deireanach a bhain an comórtas (bhí an leagan amach rud beag difriúil ag an am ach tá an corn céanna in úsáid go fóill) as DCU ná fear darb ainm John Lennon, ar m’anam le Dia.

P1010578.JPG

Agus cé raibh sé iontach deas an corn a bhaint agus na duaiseanna uilig eile a thabhairt ‘na bhaile liom, an rud ab fhearr a thug mé liom ón oíche sin ná an chuma a bhí ar aghaidh mo léachtóra Fraincise Juliette nuair a ghabh sí comhghairdeachas linn ag deireadh na hoíche. A leithéid de bhród ní fhaca mé ariamh!

Leave a comment