Comhairle na Céadaoine

Siocair go bhfuil lár na seachtaine buailte linn shíl mé gur dheas píosa comhairle a dtáinig mé air sa tsamhradh a scaipeadh, nó tá ciall agus críonnacht go tréan ann. Agus rud eile – is ón Ghaeltacht Láir a tháinig na focla siosmaideacha seo, mar sin thig linn a bheith cinnte go bhfuil an chomhairle seo le leanstan! Sa mhullach air sin uilig, is bean a dúirt na línte seo an chéaduair, agus maram gur fíor an seanfhocal sin a deir “Ná glac pioc comhairle gan chomhairle ban.”

Ní mhillfidh mé an scéal ar fad taobh thiar den chomhairle seo oraibh, ach déarfaidh mé gur seo an áit a bhfuair mé greim uirthi, sa leabhar Na Cruacha: Scéalta agus Seanchas, curtha in eagar ag Áine Ní Dhíoraí (Cló Iar-Chonnachta). Leathanach 172 do na falsóirí…

Éist mórán agus can beagán
Ná habair ach ní a bhfeictear duit
Éist le comhrá daoine glic
Tuig agus lig mórán thart
Ná hamharc síos ar do bhróg
Is ná déan stró as do bhrat
Siúil go díreach an ród
Is beannaigh fá dhó don duine bocht
Ná bí siúlach go toí an óil
Is ná bí daorach ar an deoch
Mo chomhairle duit agus is í an chóir
Ná bain go deo le duine deileoir.

 

Leave a comment